← Chaitheadar an lá ó mhoch na maidne go dul faoi na gréine agus ar a gcasadh dóibh abhaile d'iompaigh siad siar féachaint an raibh Oisín ina ndiaidh. 🔊✎
← Choinnigh sé ina ndiaidh mar sin chun go dtángadar go dtí a mbunáit féin. 🔊✎
← An lá dár gcionn d'imíodar rompu ar an slí chéanna agus an Fairceallach ina ndiaidh arís mar a bhí sé an lá roimhe sin. 🔊✎
← Leanadar é go díreach agus bhí sé chomh fada rompu an lá sin is a bhí sé ina ndiaidh an chuid eile den bhliain. 🔊✎